Thursday, March 8, 2012

Irish language clothing and homeware le haghaidh Seachtain na Gaeilge

Cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge ar an Luan agus beidh imeachtaí den scoth ar siúl as seo amach go dtí an 17ú Márta, Lá le Pádhraic.
Seachtain na Gaeilge began on Monday and great events will be taking place from now until March 17th, St. Patrick's Day.

Má tá fonn ort cur le do chúpla focal, tá neart ranganna teagaisc ar siúl ar fud na tíre, chomh maith le tionscnaimh nua ar nós an láithreán líonraithe shóisialta Abair Leat agus feachtas teilifíse Bród Club ar RTÉ.
If you would like to add to your cúpla focal, there are lots of Irish language classes across the country, along with new initiatives such as social media site Abair Leat and the Bród Club television campaign on RTÉ.

Is féidir linn go léir a bheith inár gcónaitheoirí sa Ghaeltacht. Tá cur síos maith ar an gcoincheap seo i ngné-alt leis an gceannlíne 'Mise agus an Ghaeilge' a bhí ar an Irish Times an tseachtain seo caite. Cé gur as Baile Átha Cliath mé, tógadh le Gaeilge sa bhaile mé agus d'fhreastal mé ar mheánscoil trí mheán na Gaeilge.
We can all be residents of the Gaeltacht. There is a good description of this concept in a feature headlined 'Mise agus an Ghaeilge' that appeared in The Irish Times last week. Although I'm from Dublin, I was raised with Irish as my first language and I attended secondary school through the medium of Irish.

Agus is féidir Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh gach lá leis na hearraí tí agus éadach Gaelacha thíos:
And Seachtain na Gaeilge can be celebrated every day with the Irish language homewares and clothing below:


CÚPLA CUPÁN TAE i nAGHAIDH AN LAE: Cupán tae Príomhshráid ('Mainstreet') le fáil i réimse dathanna ó Placed. Tá ainmneacha na siopaí i nGaeilge (m.sh. Siopa Caife, An Sos Tae).
 Le fáil ó shiopa Etsy Placed (thart ar €12 an ceann + postas). Tá páipéir maisiúcháin (thart ar €2.60), cartaí (thart ar €3.65) agus tuaillaí tae déanta le prionta lámh (thart ar €16) i nGaeilge le fáil freisin, mar atá le feiceáil sna pictiúir thíos. Tá na hearraí ar díol in Article, Ionad Powerscourt, Baile Átha Cliath 2, freisin. Íomhanna: Placed

O'BAMA RAMA: Chuir uachtarán Mheirceá Barack Obama Gaeilge ar a ráiteas 'Yes We Can' nuair a thug sé óráid i mBaile Átha Cliath i mí Bealtaine, 2011.
Dhear I Love Mayo an prionta 'Is Féidir Linn' chun an ócáid seo a cheiliúradh agus an prionta álainn I Love Cáca Milis ('cake') thíos.
Tá an praghas idir €7.95 agus €24.95 (+ postas), ag brath ar an méid agus má tá 'mounting' de dhith uait. Le fáil ó shuíomh Garrendenny Lane freisin. Íomhanna: I Love Mayo


OH MO DHIA: Is léir gur thug Lionel Richie agus a amhrán 'Hello' an-inspioráid go deo do lucht Hairy Baby agus tá an t-léine seo le fáil i ndathanna éagsúla ar €20 (+ postas) sa sladmhargadh. Tá réimse leathan de t-léinte i nGaeilge le fáil, m.sh. an ceann thíos leis na focla cáiliúla ó fhógra Carlsberg cúpla bliain ó shin. Íomhanna: Hairy Baby

BOG STANDARD IRISH, TOP NOTCH PRINT: Is féidir le gach duine a d'fhreastal ar scoil in Éirinn an cheist, 'An Bhfuil Cead Agam dul Amach go dtí an Leithreas?' ('May I have permission to go to the toilet?' as taught to generations of Irish children) a chur. Tá an prionta seo le fáil ó shiopa Etsy FunkyGibbo (thart ar €15 + postas). Íomha: FunkyGibbo ar Etsy 

TXT SPK AS GAEILGE: OMG = Oh Mo Dhia, nó OMD, i nGaeilge. Tá an OMD hoodie le fáil ón Spailpín Fánach sa Spidéal, Conamara, ar chostas €32 (+ postas). Íomha: An Spailpín Fánach

FADA FAISIN: Ceist ghramadaí nó canúinte? Is breá liom hoodie How's Your Fada? (€35 + postas) ón chomhlacht Deir Sé. Íomha: Deir Sé


No comments:

Post a Comment